Comhdháil na gCeoltóirí/The Musicians Convention

Ócáid Eolais mar chuid de Cheiliúradh (English Version at bottom of Page)  Biog’s na Cainteoirí/Speakers.

Bonn Óir Seán Ó Riada

Reachtáilfear Ócáid Eolais do cheoltóirí in Ostán Bhaile an Róistigh ar an Sathairn 6 Feabhra. Tá an ócáid dírithe orthu siúd atá ag saothrú mar cheoltóirí agus mar amhránaithe ar bhunús gairmiúil. I measc na dtéamaí a chlúdófar, beidh eolas á roinnt maidir le cúrsaí poiblíochta, deiseanna deontais agus cúrsaí foilsitheoireachta do cheoltóirí agus d’amhránaithe.

Is é seo an chéad uair a leithéid a bheith ar siúl agus tá sé á fhorbairt ag Iontaibheas Fódhla mar chuid den gceiliúradh ar chomórtas Bonn Óir Seán Ó Riada a bheidh á chraoladh beo an oíche roimhré ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. “Is é an ceoltóir an céad duine a lorgaíotar chun aon ócaid agus fagtar go minici ndearúd iad ansan. Seo cruinniú bliantúil dóibh siúd chun cabharú leo a saol is a ngnóth an cheoil d’eagrú ar mhaithe leo féin- seo í cistin na gceoltoirí”, a mhínigh Peadar Ó Riada, an ceoltóir agus craoltóir atá i mbun eagair don Ócáid Eolais.

Mairfidh an ceardlann seo ó 2:00 i.n. go dtí 5:30 i.n. I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair beidh Keith Johnson ó IMRO, Toner Quinn ó Irisleabhar an Cheoil, Catherine Boothman ón gComhairle Ealaíon, Labhrás Ó Murchú ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Antaine Ó Coileáin ó Ghael-linn, agus Caitríona Ní Bhaoill RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh deis ag rannpháirtithe bualadh leis na haoinna go haonarach le ceisteanna sonracha a chíoradh faoin gceannteideal “Faoistíní Boird”.

Is faoi choimirce Iontaibheas Fódhla agus GaelTaca atá an comhdháil seo á eagrú. Tá mórán imeachtaí cultúrtha á eagrú ag GaelTaca i gcaitheamh na bliana go léir trí mheán na Gaeilge i gcathair Chorcaí. Ina measc siúd tá ranganna Gaeilge, ranaganna amhránaíochta le Nell Ní Chróinín, Amhránaí na Bliana TG4 agus buaiteoir Chorn Uí Riada 2014. Toisc gur i nGaeilge a bheidh formhór na gcainteanna ar an lá, cuirfear córas ateangaireachta comhuaineach ar fáil le linn na comdhála. Má tá suim agat a bheith i láthair ní mór clárú ag an ríomhphost seo a leanas  claru@cuireadhchunceoil.ie

Tuilleadh eolais:        Peadar Ó Riada, dord@iol.ie

Áine Ní Éalaí, Gael Taca T: (021) 4310841 (087) 2813084

We are running an information occasion fro musicians on Saturday the 6th Feb. in the RochestownPark Hotel in Cork.   The occasion is directed at those who are working as professional musicians and singers. The subjects covered will include information on PR, Grant facilities, publication and copyright and international travel.

This is the first occasion for this annual gathering and it is being developed by Iontaoibheas Fódhla as part of the celebrations associated with the international Competition – the Bonn Óir Seán Ó Riada which is organised and broadcast the previous night by RTÉ Raidió na Gaeltachta. “The musician is most often the 1st person asked to any event and then most often forgotten when they perform their duties. This annual gathering is for them so that they can better organise their career and work- this is the musicians kitchen”, explained Peadar Ó Riada, the musician and broadcaster behind the event.

These workshops start ar 2:00 until 5:30pm. Amongst the speakers present will be Keith Johnson – IMRO, Toner Quinn – The Journal of Music, Catherine Boothman – Arts Council, Labhrás Ó Murchú – Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Antaine Ó Coileáin – Ghael-linn, & Caitríona Ní Bhaoill RTÉ Raidió na Gaeltachta. Participants will have the opportunity to discuss the various subjects and seek advice from the speakers private at “confession tables”.

This convention is organised under the aegis of the trusts Iontaibheas Fódhla and GaelTaca. throughout the year Gaeltaca organise many cultural events in the Irish language around Cork. These include Irish classes, singing classes with Nell Ní Chróinín, Amhránaí na Bliana TG4 and winner of Chorn Uí Riada 2014. Because much of the event will be in Irish, there will be a continuous running translation service provided for anyone who would like to avail of it.  You can register for the convention here  claru@cuireadhchunceoil.ie and there will be a token €5 fee on the door.

 

Tuilleadh eolais:        Peadar Ó Riada, dord@iol.ie

Áine Ní Éalaí, Gael Taca T: (021) 4310841 (087) 2813084

Seinn linn

Skip to toolbar